Letras Web

A Chomaraigh Aoibhinn Ó

Solas

5 acessos

Mo bheannacht óm' chroí
Dod' thir 's dod' shléibhte
A chomaraigh aoibhinn ó
Is dod' mhuintir shuairc
Ar dual dóibh féile
A chomaraigh aoibhinn ó
Do shrutháin gheala
'S do choillte craobhach
Do ghleannta meala
'S do bhánta léire
Ó grá mo chroí
Iad siúd le chéile
A chomaraigh aoibhinn ó

Is dathúil breá
Do chruacha scéimchruth
A chomaraigh aoibhinn ó
Nuair a lasaid suas
Le hamharc gréine
A chomaraigh aoibhinn ó
Na faillte 's leacain
Ar gach taobh diot
Mar bhrata sróil
Le seolta gleásta
Nuair a scaipeann an drúcht
Anuas ón spéir ort
A chomaraigh aoibhinn ó

Do bhíos thar sáile
Seal I gcéin uait
A chomaraigh aoibhinn ó
I ndúthaigh fáin
Ag déanamh saoithair
A chomaraigh aoibhinn ó
Ach b'obair tháir liom
Cnuasach gréithre
I bhfad óm' ait
Fé scáil do shléibhte
Is chas mé arís ort
A phlúr na ndéise
A chomaraigh aoibhinn ó

Top Letras de Solas

  1. Aililiú Na Gamhna
  2. Bheadh Buachaillin Deas Ag Sile
  3. Sliabh Geal gCua Na Féile
  4. Bruach Na Carraige Baine
  5. Seoladh Na nGamhna
  6. Bonnie Mae
  7. Erin
  8. Dignity
  9. The Newry Highwayman
  10. The Silver Dagger