Letras Web

Maith Dhom

Kila

19 acessos

Le Máirtín Ó Direáin

I mo aonar dom aréir
I mo shuí cois mara
An spéir ar ghann chuid néal
' S an muir is tír faoi chalm.
Do chumhraíocht ríonda
A scáiligh ar scáileán m'aigne
Céloinnir deiridh mo ghrá duit
A shíleas bheith in éag le fada.

Ghlaos d'ainm go ceanúil
Mar ba ghnách liom tamall
' S chuala scread scáfar
Ó éan uaigneach cladaigh.
Maith dhom murab fhál leat fiú
Do scáth dhil im'aice
Ach bhí an spéir ar ghann chuid néal
' S an muir is an tír faoi chalm.

Top Letras de Kila

  1. Tine Lasta
  2. Féach / As Gaeilge
  3. Cé tu féin?
  4. Faoiseamh A Gheobhadsa
  5. Leanfaidh Mé
  6. Tóg É Go Bog É
  7. An Tiomanaí
  8. Cabhraigh léi
  9. Bí Ann
  10. Glanfaidh Mé