Letras Web

A Neansaí 'Mhíle Grá

Clannad

37 acessos

A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál
Go bhfeice mise'n t-ádh 'gus an séan ort!
Ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá
Ná'n eala 's í a' snámh ar an Éirne.
Is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht,
Is binne liomsa tú ná na téadaí;
'S mur' n-éalaí tusa liomsa titfidh mé i lionndubh
'Gus cuirfear insa chill 'do dhéidh mé.

Is iomaí sin guth mná a chluinimse 'ngach aird
Abhus agus taobh thall den Éirne.
Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaighe
'Sí Neansaí 'thug bua ar a' méid sin.
A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn deas é'r saol,
Dá mbeinnse agus í le chéile?
Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise 'gus mo rún
Ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.

Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach
Is aithris di gur buartha atá mé;
Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
Le harraing atá trí mo thaobh deas.
Aithris é dá súil, Aithris é dá cúl,
Aithris é dá méin mhaith chéillí;
Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn
Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha'.

Dé Domhnaigh má tchímse stór geal mo chroí
Tiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht;
An tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom,
Is ní aithneofar an aois ar m'éadan.
A Mhuire is a Rí, nach a tuirseach a bhím,
Is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an Áirne.
An bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian?
Níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais

Top Letras de Clannad

  1. I Will Find You (tradução)
  2. Eirigh 'S Cuir Ort do Chuid Éadaigh
  3. Newgrange (tradução)
  4. Eirigh Is Cuir Ort do Chuid Eadaigh Coiriu
  5. An Gabhar Ban (The White Goat)
  6. A Neansaí 'Mhíle Grá
  7. Coinleach Ghlas An Fhomhair
  8. An Phaire
  9. Níl Sé Ina Lá
  10. Komorebi