Letras Web

Raghadsa's Mo Cheaití

Danu

21 acessos

Ó raghadsa is mo Cheaití bhálcaeireacht amach ar na sléibhte cuain
Nó ar oileáinín mhara liom féinig mar a dtéann na héin chun suain
Ansúd a bhíodh nead ag an bhfiach dubh is an fiolar ag éamh cois cuain
Agus mise á agairt chun Dé suas solas an lae bhreith uaim

'S a Cheaití, nach náireach mar scéal é, má imíonn tú in aon chor uaim
Mar gur gheallais don sagart ná déanfá, mé a mhalairt go raghainn san uaigh
Do cuireadh bocht dealbh sa tsaol mé, is mo charaid i bhfad uaim
'S a Dhia, go mbeirir chugat féin mé, má imíonn mo chéad shearc uaim

'S tá sioc agus sneachta ar na sléibhte, 'gus mise liom féin dá siúl
Ag féachaint chá bhfeicfinn mo spéirbhean, a bhí bacalach, péarlach, fionn
Ba ghile ar a com í ná Venus, is ba bhinne a béal ná an fhliúit
'S dá bhfaighinnse mo chumann ina haonar, do phógfainnse a béal go dlúth

Agus ciach ar an sagart a phós mé, nár fhág sé mé i dtreo na mban
Ag rinnce le cailíní óga, ag ithe 's ag ól 'na measc
An ní do shuaigh 's do bhreoidh mé, mé a cheangal go hóg le réic
'S nár fhág mise ag cnuchairt na móna, nó ag seoladh na mbó thar sliabh
1

Top Letras de Danu

  1. Ráitachas Na Tairngreacht
  2. An Cailín Deas Crúite Na mBó
  3. Raghadsa's Mo Cheaití
  4. Ó Dheara, 'Sheanduine
  5. Eochaill
  6. Beannacht Ó Rí Na hAoine
  7. An Páistín Fionn
  8. Idir Áird Mhór Is Eochaill
  9. The Wee Lass On The Brae
  10. The Outlandish Knight