Letras Web

Codail A Linbh

Anúna

11 acessos

Adhraim mo leanbh beag tagth' ar an saol
Codail, a linbh, go sámh
Adhraim a laige, a loime nocht faon
Codail, a linbh, go sámh

Inis, a ghrá, liom, id' luí sa mhainséar
Inis cén fath dhuit bheith sínte san fhéar
Is tú coimhde na ngrásta 'gus íosa, mac dé
Codail, a linbh, go sámh
Codail, a linbh, go sámh

A mhuire, a mhathair's a bhuime mhín tséimh
Codail, a linbh, go sámh
Is mé coimhde na ngrásta 'gus íosa, mac dé
Codail, a linbh, go sámh

Ach go beo bocht a tháinig le mian ar an saol
Chun deoraithe fánacha a shaoradh ón éag
Is nuair 'chrochfar in airde mé claonfaid chugam féin
Codail, a linbh, go sámh
Codail, a linbh, go sámh

Top Letras de Anúna

  1. Gaudete
  2. Maria Matrem Virginem
  3. Heia Viri
  4. Quis Est Deus
  5. An Oíche
  6. Nobilis Humilis
  7. Bean Pháidín
  8. Media Vita
  9. Sliabh Geal gCua
  10. Fionnghuala