Letras Web

An Cailín Gaelach

Altan

15 acessos

B'áite liom féin 'bheith ar thaobh mhalaí shléibhe
'Gus cailín gaelach a bheith 'mo chomhair
Bheinn a bréagadh 's a teannadh léithe
'Gus dar liom féin, 'riú, gur dheas ar ndóigh

Ag éirí domh féin ar maidin an lae ghil
'S mé gabhail fá'n choill chraobhaigh 's mé seoladh bó
Tharlaigh domh an spéirbhean 'na suí ar an léana
'S a fallaing léithe 's í lán de ghnó

D'fhiafraigh mé díthe go ciúin is go ceillí
An nglacfaidh tú póg uaim, a stór mo chroí?
D'oscail sí a béilín 'gus labhair sí Bearla
'S é dúirt sí, "Pray sir, and let me be"

Is maith an airí ar na buaibh a shantú
'Gus bheinnse 'a seoladh amuigh sa lá
Im agus bainne iad, ar theacht a' tsamhraidh
'S mar gheall ar bhólacht a phóstar mná

Top Letras de Altan

  1. An t-Oileán Úr
  2. Ta Me 'Mo Shui
  3. Moll Dubh A' Ghleanna
  4. A Bhean Udaí Thall
  5. Molly Na gCuach Ni Chuilleanain
  6. Thíos I dTeach A' Tórraimh
  7. An Spealadóir
  8. Thug Mé Rúide
  9. A Stor A Stor A Ghra
  10. An Clár Bog Déil